Days
Hours
Minutes

November, 25 2024 09:00:00

CEO / Registrar

CORU is Ireland’s statutory multi-profession health regulator, established under the Health and Social Care Professionals Act 2005. Tasked with promoting high standards of professional conduct and education, CORU oversees the registration of health and social care professionals, ensuring public safety and trust in these vital services. Currently, CORU regulates 12 health and social care designated professions, regulating approximately 30,000 registrants. CORU is based in Dublin city centre and directly employees 96 people at its headquarters. 

CORU now wish to appoint a CEO / Registrar to lead the organisation. Reporting to the Chair, the CEO will work closely with the Council, Department of Health and its relevant committees, to lead the organisation by providing expert strategic and operational guidance on matters relating to CORU’s remit. The CEO/Registrar will align CORU’s purpose, strategy, governance and organisational structure, ensuring all areas can effectively respond to change and complexity while executing the Health and Social Care Professionals Council’s strategic plan for 2022-2026 and beyond.

Reporting to the Chair of Council, this is a senior, complex and challenging role that offers the successful candidate a unique opportunity to contribute to quality, standards and service for health and social care professions and the public.

Consistent with the nature of the opportunity, CORU is looking for a candidate of the highest calibre. Ideally candidates should hold a primary degree, and preferably a postgraduate qualification in disciplines relevant to general management and will have a track record of significant achievement as an influential leader and strategic delivery.

As CEO/Registrar, your remuneration will be as per the Principal Officer Higher pay scale and also includes director’s allowance.

Candidates should forward by email full career details in complete confidence to Barry Herriott at info@barryherriott.comstating how they meet the requirements for the post by Friday 29th November.

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin / Cláraitheoir

Is é CORU an rialtóir reachtúil sláinte ilghairme in Éirinn, a cuireadh ar bun faoin Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005. Is é an sainchúram atá leagtha ar an eagraíocht ná ardchaighdeáin iompair ghairmiúil agus oideachais a chur chun cinn, maoirseacht a dhéanamh ar chlárú na ngairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, chomh maith le sábháilteacht an phobail agus muinín as na seirbhísí ríthábhachtacha seo a chinntiú. Faoi láthair rialaíonn CORU 12 ghairm ainmnithe sláinte agus cúraim shóisialta agus thart ar 30,000 cláraí sna gairmeacha sin. Tá ceannáras CORU suite i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil 96 duine fostaithe go díreach ag an eagraíocht.

Is mian le CORU Príomhoifigeach Feidhmiúcháin / Cláraitheoir a cheapadh anois le bheith i gceannas ar an eagraíocht. Ag tuairisciú do Chathaoirleach na Comhairle, oibreoidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin as lámha a chéile leis an gComhairle, leis an Roinn Sláinte agus lena coistí ábhartha chun an eagraíocht a threorú ach saintreoir straitéiseach agus oibríochtúil a chur ar fáil ar ábhair a bhaineann le sainchúram CORU. Déanfaidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin/Cláraitheoir cuspóir, straitéis, rialachas agus struchtúr eagraíochtúil CORU a ailíniú lena chinntiú gur féidir le gach réimse freagairt go héifeachtach d’athruithe agus do chastachtaí. Cuirfidh sé nó sí Plean Straitéiseach na Comhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2022-2026 agus pleananna dá éis chun feidhme freisin.

Ról sinsearach, casta agus dúshlánach é seo a thabharfaidh deis ar leith don té a n-éireoidh leis nó léi cur leis an gcáilíocht, na caighdeáin agus an tseirbhís do na gairmeacha sláinte agus cúraim shóisialta agus don phobal araon.

Tá CORU sa tóir ar iarrthóir den chéad scoth a bheadh oiriúnach do nádúr an róil seo. Go hidéalach bheadh bunchéim ag an iarrthóir, agus b’fhearr cáilíocht iarchéime i ndisciplín a bhaineann leis an mbainistíocht ghinearálta a bheith aige nó aici, leis. Ba chóir go mbeadh sé léirithe arís is arís eile ag an iarrthóir go n-éiríonn leis nó léi éachtaí a bhaint amach mar cheannaire cumhachtach agus straitéiseach.

Mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin/Cláraitheoir, beidh do luach saothair de réir scála pá an Phríomhoifigigh Ardleibhéil agus beidh liúntas stiúrthóra i gceist chomh maith.

Ba chóir d’iarrthóirí na sonraí go léir maidir lena ngairm bheatha a sheoladh ar aghaidh faoi rún daingean tríd an ríomhphost chuig Barry Herriott ag info@barryherriott.com faoi Dé hAoine, an 29 Samhain agus a lua cén chaoi a gcomhlíonann siad riachtanais an phoist.