Clerical Officer - Secretariat
CORU currently has a vacancy at Clerical Officer level within the Secretariat Unit. The purpose of the role is to provide a secretariat service to the Chief Executive Officer, Secretariat Unit, Council and Registration Boards at CORU. Working as part of a small team, the job requires the ability to pay attention to detail and work to tight deadlines. While this job is demanding and challenging, it is also rewarding in progressing to the protection of the public, by establishing the registration of health and social care professionals.
Salary and Further Information:
Salary for the roles will be based on the Civil Service Clerical Officer scale €29,297 to €46,4502 (14 point scale & 2 long service increments).
Please Note: Initial remuneration for this position will be at the first point of the scale. This rate will not apply where the appointee is an existing civil or public servant appointed on or after 6th April 1995 or is newly recruited to the Public Service and is required to make a personal pension contribution.
Annual leave entitlement for the role as Clerical Officer is 22 days and CORU operates a flexi-time policy. This is a pensionable position.
Full details of the roles available are in the Job Specification
For information on our Reasonable Accommodations process, please visit here.
Please be advised interviews for this role are likely to take place in September.
If you are interested in applying for this position please submit a completed application form, to HR@coru.ie by 12pm (noon) on Wednesday 18 September 2024.
Folúntas mar Oifigeach Cléireachais (Rúnaíocht)
Tá folúntas ag CORU faoi láthair ar leibhéal an Oifigigh Cléireachais san Aonad Rúnaíochta. Is é is cuspóir don ról seo seirbhís rúnaíochta a chur ar fáil don Phríomhfheidhmeannach, don Aonad Rúnaíochta, don Chomhairle agus do na Boird Chlárúcháin in CORU. Beidh an té a cheapfar ag obair mar chuid d'fhoireann bheag agus éilíonn an post an cumas aird a thabhairt ar mhionsonraí agus oibriú chun spriocdhátaí teanna a bhaint amach. Cé go bhfuil an post seo dúshlánach, is tairbheach an rud é freisin a bheith ag obair chun cosaint an phobail a chur chun cinn, trí chlárú gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta a bhunú.
Tuarastal agus Eolas Eile:
Beidh an tuarastal do na róil bunaithe ar scála Oifigigh Cléireachais na Státseirbhíse, is é sin €29,297 go €46,4502 (scála 14 phointe agus 2 incrimint fadseirbhíse).
Tabhair do d'aire: Ag an gcéad phointe den scála a bheidh luach saothair tosaigh an phoist seo. Ní bheidh feidhm ag an ráta seo sa chás go bhfuil an té a cheapfar ina státseirbhíseach nó ina f(h)ostaí sa tSeirbhís Phoiblí cheana féin agus a ceapadh ar an 6 Aibreán 1995 nó dá éis, nó sa chás go bhfuil an té earcaithe chun na Seirbhíse Poiblí le déanaí agus go n-iarrtar air nó uirthi ranníocaíocht phearsanta pinsin a dhéanamh.
Tá teidlíocht saoire bliantúla 22 lá ann don ról mar Oifigeach Cléireachais agus oibríonn CORU beartas fleisc-ama. Is post inphinsin é seo.
Tá na sonraí uile faoi na róil atá ar fáil sa tSonraíocht Phoist.
Chun eolas a fháil ar ár mbeartas maidir le Socruithe Réasúnta, cliceáil anseo.
Is dócha go mbeidh agallaimh don phost seo ar siúl i mí Mheán Fómhair.
Más suim leat iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, cuir foirm iarratais chomhlánaithe isteach chuig HR@coru.ie faoi mheán lae (12:00), Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair 2024.