Days
Hours
Minutes

November, 25 2024 09:00:00

Higher Executive Officer - Data Protection Officer

Reporting to the Head of Corporate Services, Data Protection (DP)/Freedom of Information (FOI)I Manager will be a member of the Operational Management Team (OMT). The successful candidate will be responsible for the management of all Data Protection/FOI matters in CORU and ensure that the organisation processes the personal data of its staff, customers, providers or any other individuals in compliance with the applicable data protection rules. The Data Protection/FOI Manager may be required to assist with the implementation of aspects of the corporate governance framework including risk management, internal audit and within the area of the code of corporate governance.

The successful candidate will liaise with CORU’s key stakeholders to ensure all DP/FOI legislative and regulatory procedures are adhered to as well as ensuring there is consistency in discharging CORU DP/FOI functions. The Data Protection/FOI Manager will be responsible for CORU’s statutory functions in the processing of Freedom of Information requests and to act as an FOI decision-maker.

Salary and Further Information:

Salary for the roles will be based on the Civil Service Higher Executive Officer scale €57,122 to €71,939 (9 point scale & 2 long service increments).

Please Note: Initial remuneration for this position will be at the first point of the scale. This rate will not apply where the appointee is an existing civil or public servant appointed on or after 6th April 1995 or is newly recruited to the Public Service and is required to make a personal pension contribution.

Annual leave entitlement for the role as Higher Executive Officer is 29 days and CORU operates a flexi-time policy. This is a pensionable position.

Hybrid working available subject to completion of successful probation.

Full details of the roles available are in the Job Specification.

For information on our Reasonable Accommodations process, please visit here.

If you are interested in applying for this position please submit a completed application form, to HR@coru.ie by 12pm (noon) on Monday 27 January 2025.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:

Ardoifigeach Feidhmiúcháin – Oifigeach Cosanta Sonraí (le freagracht as Saoráil Faisnéise)

Beidh an Bainisteoir Cosanta Sonraí (CS)/Saorála Faisnéise (SF) ag tuairisciú don Cheannasaí Seirbhísí Corparáideacha, agus beidh sé nó sí ina b(h)all den Fhoireann Bainistíochta Oibríochtúla (FBO). Beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach as bainistiú a dhéanamh ar gach ábhar maidir le Cosaint Sonraí/Saoráil Faisnéise in CORU agus cinnteoidh sé go bpróiseálann an eagraíocht sonraí pearsanta a foirne, a custaiméirí, a soláthraithe nó aon duine aonair eile i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar an mBainisteoir Cosanta Sonraí/Saorála Faisnéise cabhrú le gnéithe den chreat rialachais chorparáidigh a chur i bhfeidhm lena n-áirítear bainistíocht riosca, iniúchadh inmheánach agus laistigh de réimse an chóid rialachais chorparáidigh.

Déanfaidh an t-iarrthóir rathúil idirchaidreamh le príomhpháirtithe leasmhara CORU chun a chinntiú go gcloítear le gach nós imeachta reachtach agus rialála Cosanta Sonraí/Saorála Faisnéise chomh maith lena chinntiú go bhfuil comhsheasmhacht ann maidir le feidhmeanna Cosanta Sonraí/Saorála Faisnéise CORU a urscaoileadh. Beidh an Bainisteoir Cosanta Sonraí/Saorála Faisnéise freagrach as feidhmeanna reachtúla CORU maidir le hiarratais ar Shaoráil Faisnéise a phróiseáil agus feidhmiú mar chinnteoir Saorála Faisnéise.

Tuarastal agus Eolas Eile:

Beidh an tuarastal le haghaidh an róil bunaithe ar scála Ardoifigigh Feidhmiúcháin na Státseirbhíse, is é sin €57,122 go €71,939 (scála 9 bpointe agus 2 incrimint fadseirbhíse).

Tabhair do d'aire: Ag an gcéad phointe den scála a bheidh luach saothair tosaigh an phoist seo. Ní bheidh feidhm ag an ráta seo i gcás go bhfuil an té a cheapfar ina státseirbhíseach nó ina f(h)ostaí sa tSeirbhís Phoiblí cheana féin agus gur ceapadh é nó í ar an 6 Aibreán 1995 nó dá éis sin, ná i gcás go bhfuil an té nua-earcaithe chun na Seirbhíse Poiblí agus go n-éilítear air nó uirthi ranníocaíocht phearsanta phinsin a dhéanamh.

Tá teidlíocht saoire bliantúla 29 lá ann don ról mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin agus oibríonn CORU beartas fleisc-ama. Is post inphinsin é seo.

Beidh obair hibrideach ar fáil ach an tréimhse phromhaidh a chur i gcrích go rathúil ar dtús.

Tá na sonraí uile faoi na róil atá ar fáil sa tSonraíocht Phoist.

Chun eolas a fháil ar ár bpolasaí maidir le Socruithe Réasúnta, cliceáil anseo.

Má tá suim agat iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, cuir foirm iarratais chomhlánaithe isteach, chuig HR@coru.ie faoi mheán lae (12pm) Dé Luain, an 27 Eanáir 2025.