Higher Executive Officer – Secretariat & CEO Office Manager
The Secretariat & CEO Office Manager is a member of the operational management team (OMT) and will have responsibility for effectively managing all Secretariat support to the Health and Social Care Professionals Council and Registration Boards in order to assist Council and Board members in the performance of their duties.
The role will support the core business of CORU by liaising between Council and Registration Boards and the Executive. The Secretariat & CEO Office Manager must build and maintain critical relationships with all relevant stakeholders.
Salary and Further Information:
Salary for the roles will be based on the Civil Service Higher Executive Officer scale €57,122 to €71,939 (9 point scale & 2 long service increments).
Please Note: Initial remuneration for this position will be at the first point of the scale. This rate will not apply where the appointee is an existing civil or public servant appointed on or after 6th April 1995 or is newly recruited to the Public Service and is required to make a personal pension contribution.
Annual leave entitlement for the role as Higher Executive Officer is 29 days and CORU operates a flexi-time policy. This is a pensionable position.
Hybrid working available subject to completion of successful probation.
Full details of the roles available are in the Job Specification.
For information on our Reasonable Accommodations process, please visit here.
If you are interested in applying for this position please submit a completed application form, to HR@coru.ie by 12pm (noon) on Monday, 03 February 2025.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:
Ardoifigeach Feidhmiúcháin – Bainisteoir na Rúnaíochta agus Oifig an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin
Tá Bainisteoir na Rúnaíochta agus Oifig an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin ina bhall den fhoireann bainistíochta oibríochtúil (BLM) agus beidh sé nó sí freagrach as bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thacaíocht uile na Rúnaíochta don Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh agus do Bhoird Chlárúcháin chun cabhrú le comhaltaí na Comhairle agus an Bhoird a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
Tacóidh an duine sa ról seo le gnó lárnach CORU trí idirchaidreamh a dhéanamh idir an Chomhairle agus na Boird Chlárúcháin agus an Fheidhmeannacht. Ní mór do Bhainisteoir na Rúnaíochta agus Oifig an POF caidrimh chriticiúla leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir a fhorbairt agus a chothú.
Tuarastal agus Eolas Eile:
Beidh an tuarastal le haghaidh an róil bunaithe ar scála Ardoifigigh Feidhmiúcháin na Státseirbhíse, is é sin €57,122 go €71,939 (scála 9 bpointe agus 2 incrimint fadseirbhíse).
Tabhair do d'aire: Ag an gcéad phointe den scála a bheidh luach saothair tosaigh an phoist seo. Ní bheidh feidhm ag an ráta seo i gcás go bhfuil an té a cheapfar ina státseirbhíseach nó ina f(h)ostaí sa tSeirbhís Phoiblí cheana féin agus gur ceapadh é nó í ar an 6 Aibreán 1995 nó dá éis sin, ná i gcás go bhfuil an té nua-earcaithe chun na Seirbhíse Poiblí agus go n-éilítear air nó uirthi ranníocaíocht phearsanta phinsin a dhéanamh.
Tá teidlíocht saoire bliantúla 29 lá ann don ról mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin agus oibríonn CORU beartas fleisc-ama. Is post inphinsin é seo.
Beidh obair hibrideach ar fáil ach an tréimhse phromhaidh a chur i gcrích go rathúil ar dtús.
Tá na sonraí uile faoi na róil atá ar fáil sa tSonraíocht Phoist.
Chun eolas a fháil ar ár mbeartas maidir le Socruithe Réasúnta, cliceáil anseo.
Más suim leat iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, cuir foirm iarratais chomhlánaithe isteach chuig HR@coru.ie faoi mheán lae (12pm) Dé Luain, an 3 Feabhra 2025.